Téacschaint
Ó LionraWiki.
Iarradh ar lucht éisteacht An Líonra Sóisialta an tseachtain seo chaite, a gcuid samplaí a sheoladh isteach de teácschaint na Gaeilge.
| Téacs | Gaeilge | Leagan Béarla |
| 2 | tú | U |
| 2 | dó | |
| 3 | trí (réamhfhocal) | |
| 6 | sé | |
| 6db | 'Sé do bheatha | |
| 7 | agus | |
| 7n | seachtain | |
| 7n seo hugín | seachtain seo chugainn | |
| 9L is agam | Níl (naoi'l a fhios agam) | IDK |
| 9 ró | Ní raibh | |
| a #ce | A thaisce | |
| ABMTAG | Ag Briseadh Mo Thoin ag Gaire | ROFL |
| ABMTAGOA | Ag Briseadh Mo Thoin Ag Gaire Os Ard | ROFLOL |
| AGOA | Ag Gaire Os Ard | LOL |
| An ró/An rev | An raibh | |
| An wil | An bhfuil | |
| an8 | anocht | 2NITE |
| ba vrá liom | ba bhreá liom | |
| Ba y / Ba va | Ba mhaith | |
| bb7b | beir bua agus beannacht | BOL |
| bte | bomaite | |
| Bsmc | Bhris sí mo chroí | |
| cc wil 2 | Cén chaoi a bhfuil tú? | |
| CGL | Ceart Go Leor | OK |
| CLIF | Chomh Luath agus Is Féidir | ASAP |
| DAS | Dála an Scéil (nó 'Dhia Ár Sábháil!) | BTW |
| FGF | Fan Go Foill | BRB |
| FL | faoi láthair | ATM |
| GOA | Gaire Os Ard | LOL |
| grma | go raibh maith agat | |
| grmma | go raibh míle maith agat | |
| har 4 | thar fóir | |
| íhe y | oíche mhaith | |
| KJ mar tá 2 | Cad é mar atá tú | |
| K wil 2 | cá bhfuil tú | |
| LADL | Léigh An Diabhal Leabhar | RTFM |
| MED | mar eolas duit | FYI |
| MGL | Maith Go Leor | OK |
| nmd | nóiméad | |
| OAD | Ó a Dhia | OMG |
| R y leat / R va leat | Ar mhaith leat | |
| sgf | slán go fóill | L8R |
| siv | sibh | U |
| V | Bhi |
Cuirimís leis an liosta seo.
Ní cuimhin liom níos mó acu. Ach bhí nodanna ag na manaigh fadó. Ba cheart roinnt acu a athbheochan! Bheadh roinnt acu feiliúnach.
An bhfuil scileanna Wiki agat? Ar mhaith leat snas a chur ar an leathanach seo?
